English | French | Gaeilge

Ireland Canada Place   Irlande Canada Plás   Plás Éireann & Cheanada

atá ina theist bhuan ar a bhfuil déanta ag imircigh Éireannacha agus a sliocht ar son Cheanada

Páirc George Wainborn, False Creek, Vancouver, BC Plás Éireann agus Cheanada - George Wainborn Park
Tabhair airgead anois

Tá maoiniú á lorg ag Plás Éireann agus Cheanada ó fhoinsí éagsúla: rialtais, deontóirí corporáideacha agus príobháideacha, agus an pobal i gcoitinne. Cuirfidh siad go léir le bailiú an airgid riachtanaigh.

Tá dhá chéim críochnaithe ag Plán Éireann agus Cheanada cheana, agus tá an triú céim – an chéim dheireanach – á tosnú anois: tógáil an tsuímh.

I gCéim 1, fuarthas an suíomh i bPáirc George Wainborn Park, False Creek, Vancouver, BC, agus cuireadh clabhsúr ar Chéim 2 nuair a ghlac Bord Páirceanna Vancouver le dearadh an tsuímh. Tá cead tugtha ag na Céad Náisiúin, na Musqueam, Squamish agus Tsleil Wautath, an suíomh a thógáil ar thalamh neamhghéillte dá gcuid – beart iontach atá déanta ag bundúchasaigh an Chósta Thiar.

Go nuige seo tá os cionn 30% den mhéid riachtanach bailithe againn. Le go gcuirfear an suíomh comórtha iontach seo i gcrích sa láthair álainn seo, caithfimid $250,000 agus tá tábhacht le gach uile dhollar. Beidh gach aon cheann de na 32 contae in Éirinn mar chuid den tsuíomh. Aithneofar na deontóirí go léir ar ár suíomh idirlín.

Samplaí de Phlaiceanna na gContaetha

Conas airgead a thabhairt

Rogha 1 - i gCeanada amháin

Le haghaidh síntiúis nuair nach dteastaíonn admháil le cur in aghaidh cánach

seol an síntiús go leictreoneach go: donations.irelandcanadaplace@gmail.com

Rogha 2 - i gCeanada amháin

Chun admháil a fháil le cur in aghaidh cánach (saoránaigh Cheanadacha amháin).

  1. Téir go dtí suíomh idirlín Bhord Páirceanna Vancouver https://vancouver.ca/parks-recreation-culture/ireland-canada-place-proposal-in-george-wainborn-park.aspx
  2. Roghnaigh an cnaipe Donate Now.
  3. Roghnaigh Ireland Canada Place.
  4. Eiseoidh Bord na bPáirceanna an Admháil Chánach.

Rogha 3

Cuir seic tríd an bpost, iníoctha le "Ireland Canada Place Society" c/o 10416, Slatford Street, Maple Ridge, BC V2W1G3

NÁ SEOL AIRGEAD TIRIM, LE DO THOIL.

Cuirfear gach maoiniú don tionscadal i dtaisce sna hinstitiúidí seo a leanas:

Vancity Credit Union 5672, Victoria Drive, Vancouver BC V5P 3W4

TD Canada Trust 22709, Lougheed Hwy, Unit 560, Maple Ridge, BC V2X 2V5

Más maith leat a thuilleadh eolais seol ríomhphost chuig
info.irelandcanadaplace@gmail.com

An dteastaíonn breis eolais uait i dtaobh na nÉireannach i gCeanada? Cliceáil ar an nasc seo.

Tá togra Plás Éireann agus Cheanada neamhpholaitiúil neamhsheicteach. Ní raibh ach aon aidhm amháin le bunú an togra: aitheantas a thabhairt don mhéid suntasach a rinne Éireannaigh i gCeanada agus Ceanadaigh de shliocht Éireannach ar son Cheanada.


GO RAIBH MAITH AGAT AS TACAÍOCHT A THABHAIRT DO PHLÁS ÉIREANN AGUS CHEANADA

Ní beag linn aon síntiús, is cuma a mhéid. Tugtar admháil ar gach aon phingin, agus caithfear gach aon phingin chun Plás Éireann agus Ceanada a thógáil. Is mór againn do thacaíocht.

Stiúrthóirí

An tUas. Brendan Flynn, Vancouver BC, Stiúrthóir Feidhmeannach
An tUas. Eddie Reynolds, Stiúrthóir, Dublin Ireland
An tUas. Claire Fox, Stiúrthóir, Vancouver BC